FÓGRA
Ba cheart do gach Eagraíocht Ghaeilge atá ag cur Tuarascáil Bhliantúil/Tuairisceán Bliantúil isteach tar éis a cláraithe tosaigh an scarbhileog thíos a chomhlánú agus í a sheoladh (i dteannta cóipeanna de na doiciméid ábhartha go léir) chuig info@charitiesregulator.ie. Clóscríobh “Eagraíocht Ghaeilge – Cur isteach na Tuarascála Bliantúla” i Líne Ábhair do ríomhphoist.
Gaeilge - Tuarascái Bhliantúil/Tuairisceán Bliantúil
Ní foláir Tuairisceáin Bhliantúla Carthanas cláraithe a chur isteach tráth nach déanaí ná 10 mí i ndiaidh dheireadh na bliana airgeadais. Déan deimhin de go bhfuil sin á chomhlíonadh agat, le do thoil.
Carthanas gan CHY - Iarratas a Dhéanamh ar Chlárú leis an Rialtóir Carthanas
Tá an leathanach gréasáin agus na foirmeacha ceangailte d’úsáid na n-eagraíochtaí amháin ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chlárú leis an Rialtóir Carthanas.
Má bhí Díolúine Chánach Carthanais (uimhir CHY) ag d’eagraíocht ó na Coimisinéirí Ioncaim roimh an 16 Deireadh Fómhair, 2014 meastar go bhfuil d’eagraíocht cláraithe cheana leis an Údarás Rialála Carthanas. Chun eolas a fháil maidir le faisnéis do charthanais a chomhlánú cliceáil anseo.
Tairseach ar Líne
Níl an suíomh gréasáin agus an tairseach charthanas ar fáil ach i mBéarla faoi láthair. Áireofar i bhforbairt TF amach anseo soláthar iomlán seirbhísí i nGaeilge. Mar bheart sealadach forbraíodh na foirmeacha ceangailte ionas go mbeidh tú ábalta d’iarratas a dhéanamh i nGaeilge. Más mian leat an tairseach Bhéarla a rochtain cliceáil anseo le do thoil
Spriocdháta don Chlárú
Ceanglaítear ar gach eagraíocht charthanúil a oibríonn in Éirinn nó a bhfuil sé beartaithe acu oibriú in Éirinn iarratas a dhéanamh ar chlárú leis an Rialtóir Carthanas.
Ní mór d’eagraíochtaí a bhí ag oibriú sular bunaíodh an Rialtóir Carthanas (16 Deireadh Fómhair, 2014) a n-iarratas ar stádas carthanúil a chur isteach faoin 16 Aibreán, 2016. Nuair a bheidh an t-iarratas curtha isteach beidh cead ag an ngrúpa seo leanúint ag oibriú fad is a bheidh an t-iarratas á mheasúnú.
Ní mór d’eagraíocht úr ar bith, a bunaíodh i ndiaidh an 16 Deireadh Fómhair, 2014 a bheith cláraithe leis an Rialtóir Carthanas sula n-oibríonn siad mar charthanas sa stát.
Conas Iarratas a Dhéanamh
- Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais ar Chlárú atá ceangailte go hiomlán.
- Priontáil an Fhoirm Dhearbhaithe um Iarratas agus iarr ar iontaobhaithe go léir do charthanais í a shíniú.
- Seol ríomhphost chuig info@charitiesregulator.ie agus na doiciméid seo a leanas ceangailte leis;
- Foirm Iarratais ar Chlárú Chomhlánaithe
- Dearbhú an Iarratais - sínithe ag na hiontaobhaithe go léir
- Cóip den doiciméad rialaithe (bunreacht / meabhrán agus airteagail chomhlachais etc.)
- Cóip de na Cuntais don Tréimhse Tuairiscithe is déanaí
