FÓGRA
Ba cheart do gach Eagraíocht Ghaeilge atá ag cur Tuarascáil Bhliantúil/Tuairisceán Bliantúil isteach tar éis a cláraithe tosaigh an scarbhileog thíos a chomhlánú agus í a sheoladh (i dteannta cóipeanna de na doiciméid ábhartha go léir) chuig info@charitiesregulator.ie. Clóscríobh “Eagraíocht Ghaeilge – Cur isteach na Tuarascála Bliantúla” i Líne Ábhair do ríomhphoist.
Gaeilge - Tuarascáil Bhliantúil/Tuairisceán Bliantúil
Ní foláir Tuairisceáin Bhliantúla Carthanas cláraithe a chur isteach tráth nach déanaí ná 10 mí i ndiaidh dheireadh na bliana airgeadais. Déan deimhin de go bhfuil sin á chomhlíonadh agat, le do thoil.
Carthanais CHY - D’fhaisnéis agus do chéad tuarascáil bhliantúil leis an Rialtóir Carthanas a chomhlánú
Tá an leathanach gréasáin agus na foirmeacha ceangailte d’úsáid na gCarthanas amháin ag a raibh díolúine chánach carthanais (uimhir CHY) leis na Coimisinéirí Ioncaim roimh an 16 Deireadh Fómhair, 2014.
Mura raibh Díolúine Chánach Carthanais ag d’eagraíocht roimh an 16 Deireadh Fómhair, 2014 nó má bunaíodh d’eagraíocht i ndiaidh an 16 Deireadh Fómhair, 2014 cliceáil anseo le do thoil chun iarratas ar chlárú leis an Rialtóir Carthanas a dhéanamh.
Tairseach ar Líne
Níl an suíomh gréasáin agus an tairseach charthanas ar fáil ach i mBéarla faoi láthair. Áireofar i bhforbairt TF amach anseo soláthar iomlán seirbhísí i nGaeilge. Mar bheart sealadach forbraíodh na foirmeacha ceangailte ionas go mbeidh tú ábalta d’fhaisnéis a chomhlánú i nGaeilge. Más mian leat an tairseach Bhéarla a rochtain cliceáil anseo le do thoil.
D’fhaisnéis a chomhlánú ar an gClár Poiblí
Meastar gach eagraíocht ag a raibh Díolúine Chánach Carthanais (uimhir CHY) ó na Coimisinéirí Ioncaim roimh an 16 Deireadh Fómhair, 2014 mar a bheith cláraithe leis an Údarás Rialála Carthanas. Tá faisnéis maidir leis na carthanais sin foilsithe cheana ar an gClár Poiblí Carthanas. Tá an fhaisnéis atá foilsithe ar an gclár teoranta agus ceanglaítear ar gach carthanas a bhfaisnéis a chomhlánú agus í a dhearbhú mar a bheith ceart leis an Rialtóir Carthanas.
Do chéad tuarascáil bhliantúil leis an Rialtóir Carthanas a chomhlánú
Ceanglaítear ar gach carthanas cláraithe faisnéis a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí agus airgead chuig an Rialtóir Carthanas nach déanaí ná 10 mí i ndiaidh a ndeiridh bliana airgeadais. Tá tuarascálacha bliantúla le soláthar nach déanaí ná 10 mí i ndiaidh dheireadh bliana airgeadais na gcarthanas.
Samplaí
Deireadh bliana airgeadais an 31 Márta – tréimhse tuairiscithe 01/04/2014 - 31/03/2015 - spriocdháta don chéad tuarascáil bhliantúil an 31 Eanáir, 2016
Deireadh bliana airgeadais an 31 Lúnasa – tréimhse tuairiscithe 01/09/2014 - 31/08/2015 - spriocdháta don chéad tuarascáil bhliantúil an 30 Meitheamh, 2016
Tá an spriocdháta le haghaidh tuarascálacha bliantúla sínte anois go dtí an 16 Aibreán 2016.
Ba cheart na bearta seo a leanas a dhéanamh chun d’fhaisnéis agus do chéad tuarascáil bhliantúil leis an Rialtóir Carthanas a chomhlánú:
- An Clár Poiblí a chuardach lena dhearbhú go bhfuil do charthanas air (i.e. measta mar a bheith cláraithe).
- An Bhileog Faisnéise um Charthanais CHY atá ceangailte a chomhlánú go hiomlán.
- An fhoirm dhearbhaithe a phriontáil agus a iarraidh ar do chathaoirleach í a shíniú agus ar do rúnaí nó iontaobhaí eile de chuid do charthanais é a fhianú.
- Seol ríomhphost chuig info@charitiesregulator.ie agus na doiciméid seo a leanas ceangailte leis:
- Bileog Faisnéise um Charthanais chomhlánaithe.
- Dearbhú Sínithe
- Cóip den doiciméad rialaithe (bunreacht / meabhrán agus airteagail chomhlachais etc.)
- Cóip de na Cuntais don Tréimhse Tuairiscithe
Foirmeacha Íosluchtaigh anseo
S40 Registration & 1st Annual Report - As Gaeilge Excel
